School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 090

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 090

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 090
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus bean na gcómhnuidhe in iarthair Bhaile Mhúirne uair. An oidhche amháin tháinig fear bocht isteach chuca gus d'iarr sé lóistín na hoidhche ortha. Do thabharfadh fear an tighe lóistín do le lán croidhe ach bhí doitheal ag an mnaoi agus níor mhaith léi é leigint isteach. Sa deire dubhairt an fear go leigfeadh sé isteach é go maidean ar son Dé. Nuair a bhí sé ann dóibh dul a chodhladh do shocraigh an bhean leabaidh don bhfear mbocht agus sé an rud a chuir sí fé ná colg. Amach san oidhche do fuair fear an tighe teinneas na chlíathan agus d'eirig an duine bocht chuige. D'fhiafruigh sé air cad a bhí ag déanamh buaidreamh do ná cad fé ndeara an gearrán go lár. Dubhairt an fear go raibh teinneas na chlíathan. Annsan dubhairt an fear bocht go ndéanfadh sé fe2in é do leigheas agus sé na focail a dubhairt sé nuair a bhí sé ag déanamh an leighis ná:
    Fear séimh ag mnaoi buirb
    a chuir Mac Dé 'na luighe ar cholg
    an té a bheannaigh an bhó sé bheannaigh an laogh.
    Peadar is Pól nár mbeannúigheadh go léir."
    Indiaidh an leighis bheith deanta do thuig an fear gur b'é Ár Slánuightheóir a bhí istig aige agus ó shoin a leith níor mhaith leis aoinne do chuir ón dtig.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
          1. the Holy Family (~429)
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Luasaigh
    Gender
    Female
    Address
    An Doirín Álainn, Co. Cork