School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 065

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 065

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 065
  3. XML “Dearmad Eoghain Ruaidh”
  4. XML “Scéal Seán Bráthair Ó Conchúbhair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Eoghan Ruadh is sagart ag teacht ó stásúin lá fuar, fliuch, agus béigin dóibh abha a chrosadh. Thárla go raibh tuille mór san abhainn agus ní fhéadfaidís é chrosadh. Fé dheireadh bhain Eoghan a bhróga is thóg sé an sagart leis ar a dhroim. Nuair bhíodar díreach istigh san abhainn fuair Eoghan barra-thuisle. "Seacain tú féin" arsan sagart go searbh. Thiomáin Eoghan leis arís is nuair bhíodar díreach i lár na h-abhann thug Eoghan fé ndearra go raibh beirt cailíní ag dul treasna san am céadhna agus bhí a gcuid gúnaí ag imtheacht leis an ngaoith. "Nach breágh na colpaí atá acu san" arsa Eoghan. "Tá an diabhal thiar ort" arsan sagart agus gan amhras b'é an sagart féin a bhí thiar ar dhrom Eoghan " Má thá" ar seisean "is gearr a bheidh" is le na linn sin chaith sé an sagart ó's gcionn a chinn isteach san abhainn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Nuair bhí Seán Bráthair sa Róimh cheap sé ar é féin do bhearradh agus ní raibh ach taobh d'á leacain beárrtha aige nuair a chuímhnig sé gurb é an Luan a bhí ann agus nárbh mhaith é lomadh an Luain.
    Stad sé agus le na linn sin bhuail gach clog d'á raibh sa Róimh. Bhí fhios ag an bPápa annsan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0756B: The Devil's Contract
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ua Donnachadha
    Gender
    Male
    Address
    Cloonkeen, Co. Kerry