School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 062

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 062

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 062
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí Ár Slánuightheóir agus an Mhaighdean Mhuire ar a dteitheadh ós na Iúbhdaidhig. Ghabhadar tar páirc 'na raibh daoíne ag cur coirce agus dúbhradar leis na daoíne nár gádh dhóibh ínsinnt d'aoinne go rabhadar annso.
    Amáireach a bhí chúghainn ghaibh na Iúbhdaídhig cun na páirce ceudhna agus bhí na daoíne ag baint an choirce leó D'fhiafruigheadar do's na daoíne an bhfeacadar aon bheirt ag gábhail thar bhrágaid. Níor labhair aoinne focal ach bhí seanduine ann is dúbhairt sé go bhfeacadar iad an lá a bhíodar ag baint an coirce. Dúbhairt na Iúbhdaídhig nárbh aon mhaith é sin mar bhí leath bliadhain imthighe o shoin.
    Sar a raibh uain acu a thuille do rádh labhair daradaol is dúbhairt sé
    "Indhé indhé do cuireadh an gort."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
          1. the Holy Family (~429)
    2. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Dean Swift (~11)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ua Céilleachair
    Gender
    Male
    Address
    An Doirín Álainn, Co. Cork
  2. Bhí fear ann fadó dár b'ainm Deán Swift. Duine uasal a beadh é is bhí sé ag dul o áit go h-áit. Bhí capall agus d'oir do giollla a bheith aige chun an chapaill a chomáint. Chuir sé fógra sa pháipéir a rádh gur theastuig giolla capaill o Déan Swift agus má bhí aon ghiolla ag lorg máighistir leigint do teacht. Ar maidin lár na mháireach tháinig triúr chuige. Dúbhairt sé leis an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.