School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 061

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 061

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 061
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí madra aige. Leanfhadh an madra é ins gach uile ball. Maidean dá raibh sé ag dul chun an t-shéipéil lean an madra é. Ní fheaca sé an madra go dtí go raibh sé ag geata an t-shéipéil. Bhí eagla air annsan an madra a chur abhaile ar eagla go raghfhadh sé amú. Chuímhnig sé ar sheift. Tháinig sé ar a ghlúinibh taobh amuich de'n ndorus Gaibh an sagart treasa agus sheasaimh sé ar chosaibh an mhadra ach má dhein rug an madra air. Rug an sagart annsan ar cosaibh an madra is bhuail sé a cheann i gcoinnibh an bhfalla agus mhairbh sé é. Bhí Eóghain Ruadh sa t-séipéal chonnaic sé an obair go léir is labhair sé is dúbhairt.
    "A dhaoine an anama is aistreach é do chúrsaí
    Do chuaidh an maidin go dtí an t-Aifreann le h-úmhalaidheacht
    A cheann go dainghean le Fhalla do dlúthaidh
    Is ní bás gan sagart fuair do mhadra a Stúirín."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Loingsig
    Gender
    Male
    Address
    An Sliabh Riabhach, Co. Cork