School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 039

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 039

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 039
  3. XML “Triall an Fhir Mhairbh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Beirt fhear a bhí ag teacht inthiar o Chiarraidh le dá bhó agus iad ag deunamh ar aonach mághchromhdha oidhche bhreágh spéir-ghealaighe. Chuireadar an bóthar díobh go tapaidh go dtí go ndeigheadar chómh fada soir le Cúil a' Bhúcaig d'oir dóibh sos a thógaint annsan chun smota oidhche a chur thársa mar ba luath leó dul go dtí an sráid an tráth san don oidhche.
    mar seo chomáineadar na ba isteach i bpáirc a bhí tamaillín isteach ón mbóthar - Páric ná raibh aon ghaol acu leis. ba le Léadar-Tíghearna talmhan an talmh san nuair a mhair sé. Chuaidh an bherit suas in aice carraige a bhí ann thannaigídar chúcha féin a dhá dhúid is mheasadar go ndearagóidís iad. Bhíodar annsan ar feadh tamaill ag ól tobac ar a suaimhneas nuair airígheadar an gleó is an fothram capaill a bhí ag cur a' bhóthair de chómh dian is bhí sé 'na chosaibh. Mheasadar gan ao' dhabht go raibh sé ag deunamh ortha is bhí a gcroidhtheacha ag preabarnaig le h-uathbhás. Nuair bhí sé ana chómhgarach dóibh d'aithnígheadar an marcach ar an gcéad amharc bé Léadar an Tíghearna Talmhan é, agus teine 'na shúilibh is dath mí-[?] ar a aghaidh le neart feirge.
    Bhí an fhéachaint a thug "Léadar" ortha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Cáit Ní Fhúireán
    Gender
    Female
    Age
    65
    Address
    Doire na Sagart, Co. Cork