School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 036
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuaidh Eóghain Ruadh síos amach a baint phrátaí agus bhí tig sagairt le n-ais. Dúbhairt na fir obaire le h-Eógan gur sprúinleóir ceart an sagart ceudhna nár thug faic d'aoinne riamh. Leig Eóghain Ruadh air nár chried sé iad agus dúbhairt sé gur b'iad féin fé ndeárr é is láithreach chuir sé geall síos go raghfhadh sé chun tíghe an t-shagairt is go mbainfheadh sé an dínnéir de. Go luath an tráthnóna san chuaidh Eóghain Ruadh fé dhéin an t-shagairt. Chómh luath is [?] Eóghain an dorus léim an sagart chun é dhíbirt ach chuir Eóghan stop leis is d'iarr sé air cad a dhéanfá le airgid ag a gheóbhfá ag dul amú.
Le na linn sin d'imtig an fhearg de'n sagart agus d'órduig sé d'en mnaoí tíghe a dhínnéir a thabhairt don bhfear mbocht san. Nuair bhí an dínnéir ithte ag Eóghan d'órduig an sagart tímpléir maith uisge-beatha a thabhairt do is annsan d'iarr sé ar Eóghan cá raibh an t-airgead. "Níor thugais leat sa chearr é a athair" ar seisean "ach dá b'fhaighinn é cad a dhéanfhainn leis." Bhí an sagart bocht ar dhearg bhuille annsan agus béigin do Eóghan rith le na anam. Chuaidh sé chun na bhfear is d'éileamh sé a gheall is fuair sé é, agus ar a 'lán sásachta codail Eóghan Ruadh an oidhche sin.- Informant
- Seán Ua Céilleachair
- Gender
- Male