School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 027

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 027
  3. XML “Tréithe na nÉan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Duine uasal a bhí ann is bhí inghean ana áluinn aige. D'ealuig sí le saighdiúir. Nuair d'airig an duine uasal go rabhadar imtighthe bhailig sé camtha is chuaidh ar thóir na beirte. Lean an tóir isteach i ngleann lom lomnachta ná raibh aon nídh a' fás ann ach tor amháin cuilinn. Chuaidh an bheirt i bhfolach sa tor, is istig ann bhí an dreóilín, an smólach is an londubh. Bhí unadh ar an saighdiúir go bhféadhfhadh sé breith ar aon éan ba mhaith leis agus rug sé ar na h-éanaibh.
    Chómh luath is tháinig lucht leanúna an duine uasail mór-thímcheall an tuir bhraitheadar lom díreach go raibh an bheirt istig ann. Dúbhairt an duine uasal le na chuid fear caitheamh isteach sa tor agus dheineadar. Scaoil an saighdiúir an dreóilín uaidh is dúbhairt na fir ná raibh aoinne sa tor. Dúbhairt an duine uasal caitheamh isteach arís agus scaóil an saighdiúir an smólach uaidh agus dúbharadar ná rabih an bheirt istig in aonchor. Mar sin féin dúbhairt an duine uasal caitheamh isteach arís is scaóil an saighdiúir an londubh uaidh. Annsan dúbhairt na fir ná raibh aoinne sa tor, mar éan coímghteach a beadh an londubh is ní fhanfhadh in aon áit 'na mbeadh daoíne.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ua Céilleachair
    Gender
    Male