School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 020

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 020

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 020
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Ní le bladarach béil na [?] sean úghdar
    A cuirfear a' Éirinn cléir na nAllamhrach
    Ach lagú ar a dtréibhte is faobhar thar lear chúcha
    Le feartaibh mhic Dé nuair is méinn leis lagú ortha"
    ------------------------------------------------------
    "Lá San Pól má fhóireann grían is teas,
    Beidh gráin go leór san bhFóghmar san bhliain go maith,
    Ach má fhásann ceó ar mhór cnoic thiar is theas
    Beidh ár go leór gur león le Dia é stad."
    ------------------------------------------------------
    ceithre chuda d'aois an duine.
    "Fiche bliain ag teacht
    Fiche bliain go maith
    Fiche bliain ag meath
    Is fiche bliain gur cuma ann nó as"
    ------------------------------------------------------
    trí deataí mhadaruaidh
    Fiona dlúth, iompáil pras, is fiacla maith
    trí déataí girrfhiadh
    súile aibidh, cluas aireach is rith maith
    trí deataí tairbh
    Siúbhal dána, muneál láidir, is bonn cruaidh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ua Céilleachair
    Gender
    Male