School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 015

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 015

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 015
  3. XML “An Bheirt File ag Bualadh um a Chéile”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chuaidh Fínghín O Scanaill ar chuaird fé dhéin Diarmuideach Seumais uair. Bhí Diarmuid 'na chómhnuidhe i gCúil Larraidh is nuair a tháinig Fínghin isteach bhí Diarmuid 'na shuidhe cois na teine is é ag ól píopa. Labhair Fínghín is dúbhairt sé
    "A Fearaise shéim dob' féile is d'ob fheárr gníomhartha
    Fé mhaithinn na nGaedheal nár staon riam i gcath ná a gcúimheasgar.
    Faid ar do shaoghal fé réim is rachmar choidhche
    Is tabhair dom féin go héasga gal don phíopa"
    -----------------------------------
    "O ariú a dhuine arsa Diarmuid na thuigeann tú cúrsa an t-shaoghail
    Do dhuine mar mise ná bhfuil sgilling 'na láimh ná néul.
    Ó ná tuigeann tú nách miste leat méid mo féin
    Cuireadh gach duine againn teine ar a phípín féin".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.