School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 012
  3. XML “Díoltas na bPúcaí”
  4. XML “An Pháis agus an Scéaluileach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    laé dhóibh bhuail chúcha anoir "Coinín na bPúcaí" ag feiscint obaire an thighe nua. Ghaibh sé leór leis an obair ach chómh luath is leag a shúile ar an leacain d'aithnig sé é, d'iompuig sé annsan chun Diarmuda is chuir sé na luíghe air é chur mar a bhfuair sé é. Sa slíghe 'na labhair "Coinín na bPúcaí" dheallróchadh an scéal gur gearán na daoíne sídhe "Diarmuid na Leasa" dó agus gur tháinig sé anoir chun troda dhóib.
    Tréis alán 'lán troda is tabhairt amach do "Dhiarmuid" theip glan ar Choinín é bhoghagh is chuir sé an bóthar soir do tréis tuitim na h-oidhche is é ar ghealaig.
    Chuir teacht "Coinín na bPúcaí" Diarmuid bocht tré chéile ar fad, is cé ná ghéill sé dho ní baoghal gur tháinig puinn codhladh dho an oidhche sin. Uaireannta shamhluigheadh sé gur airig sé a ainm á ghlaodhach, agus ar tarrac suas ar mheádhon oidhche a bhí sé nuair d'airig Diarmuid an chainnt is an gleó ag gasra daoine a bhí ag déunamh ar a thig is mheas sé ón méid cainnte a shrois a chluasa go rabhadar i dtrioblóid mhór. Siúd isteach sa tig iad is ba
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.