School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 011
- XML “Díoltas na bPúcaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mar seo lá nuair bhí Diarmuid Leasa ag tógaint a thíghe nua agus a chómhluadar go léir ag cabhrughadh leis thárla go raibh chómh fada suas le bárr doruis na ceistineach de obair throm an tíghe curtha dhíobh acu agus bhí an rath leis an ndhéumamh chómh fada sin, ach indiu bhí Diarmuid tré chéile toisg nách eirightheach é ag lorg 'leac bhárr dhoruis a oireamnóchadh bharr a dhoruis féin do.
Thárla tré machtnamh do gur chuir sé aithne ar chloch mhor throm a bhí ós gcionn doruis an leasa a bhí lastiar d'á thig agus dhein sé suas a aigne é thabhairt leis. Siar leis um tráthnóna ag feiscint na leacan, is chuir á méid is a dhéumamh ar a shásacht go leór seana Dhiarmuid. Ar aithint an laé amáireach bhí Diarmuid na shuidhe agus b'fhada leis indiu go raibh lucht obaire ag bailiú, is nuair a thángadar is ar a lán t-sásacht d'innis Diarmuid leasa cad a bhí beartuighthe aige.
Siúd siar iad is ba ghairid a' mhoíll ortha é an leaca d'aimsiú is do bhreith leó soir chun socarughadh go slachtmhar críochneamhail ós gcionn an doruis is chuaidh an obair ar aghaidh maiseamhail. Ag déumamh amach ar mheádhon(continues on next page)