School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 004
  3. XML “An Mhairneamh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    d'á ghrásda. Ní fheaca riamh bean ba grádhsaí ná Inne, ba mhodhailghioraidhe, ba mhodhaile, ba thaise ba náire cé tá sí tearma so-chlaoidhte. Is mise Pádruig miorbhúilteach an t-Árd Aspol a tháinig go h-Éireann de chúm lom luíghe ar uasal. Is mise Pádruig príbhéalach is mó mó teagasg ná mar léigheas agus leigheas ar an uile-bhearsa. Fágaim an buadh so go bráth ag an mhairneamh. Sé an buadh deirnach fágaim aici . . . . Neamh ag gach n-aon do mheabhróchadh é agus ag cách eile nách ceiltear.
    Má ghabhann tú an mhairneamh seo ag dul i dtig nua chiathach, marbh ní thiocfair as agus ní bheir ann gan biadh 'gus éadach.
    Má ghabhann túan mhairneamh seo ag dul i mbreitheamhnas no i bhFiaca, aon nídh dhíot ní greameófar agus gach cás rómhat go rianfar.
    Má ghabhann tú an mhairneamh seo ag dul ar loch ag iascaireacht creideamhain o'd chroídhe do Críost d'fhághail gheóbhfá do lámh ghabháil is tiocfair féin slán.
    Má ghabhann tú an mhairneamh seo ag dul ar each ag mhór chogadh no creach gheobhfá d'á 'lán o'n each is tiocfhair féin slán ó'n gcath.
    Má ghabhann tú an mhairneamh seo i gcríochaibh na h-Éireann, bheith i ngéilleachaibh i nglasaibh is i ngéibhinn ort, scoirfidís dá ngéilleacaibh d'á nglasaibh is d'á ngéibhinn duit.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ua Céilleachair
    Gender
    Male
    Age
    87