School: Gurrane (C.) (roll number 14840)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Ní Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 406

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 406

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (C.)
  2. XML Page 406
  3. XML “Béaloideas ar Ghobnait Naofa Bhaile Mhúirne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mórdtimcheall na h-Eireann annalód. Ní gábhadh dham acht tagairt don stair a léightear i n-Annála Ríoghacht na h-Éireann do chuir na hughdair léidheannta soin dá ngoirtear na Ceithre Máighistirí le chéile. San labhar soin léightear go dtug sluagh na n-Ultach turas ar Bhaile Mhúirne ar son Ghobnatan ag dul fá dhéin an t-sluaigh Spáinigh a bhí ag feitheamh leó i gCeann t-Sáile dhóibh. Le n-ár linn féin téigheann na slúaighte daoine fá dhéin teampaill Ghobnatan gach Domhnach Cingcíse agus ní hé sin amháin acht is béas ag a lán aca dul go dtí an teampullan tráthnóna roimh an nDomhnach soin agus faire oidhche do dhéanamh 'na honóir, agus má's fíor a ndeirtear, ní folamh a tagann chuid acha abhaile. Mar is minic a ghuibhid a nguidhe tré impídhe Gobnatan. Go dtí le déidheannaighe, ar aon chuma - ní fheadar an bhfuil an sgéal amhlaidh indiú - ba ghnáth Gobnait do thabhairt mar ainm baistidhe ar chailín as gach tig beagnach san cheanntar mórdtimcheall Bhaile Mhúirne. Agus is alainn an nós ainm cheanntair ar an gcuma soin agus má's rud é go bhfuil éirighthe as an nós soin anois tá súil agam go ndéanfar aithbheodhchaint air i dtráth.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Location
    Ballyvourney, Co. Cork
    Collector
    Pádraig Ua Duinnín
    Gender
    Male