School: Gurrane (C.) (roll number 14840)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Ní Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 403

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 403

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (C.)
  2. XML Page 403
  3. XML “Béaloideas ar Ghobnait Naofa Bhaile Mhúirne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Inghean ríogh do b'eadh Gobnait naomhtha agus is san séamhadh chéad do mhair sí. Tá a hainm i measc na naomh is cáilmhire i nÉirinn. Do réir béaloideas na ndaoine d'fhág sí tig a hathar is í i mbláth na hóige a cráibhtheacht agus a féile fá ndeár soin.
    Bhí cómhra mine coirce ag a hathair. Taghadh na daoine bochta ag trial ar an dtigh ag lorg na déirce go minic agus dheineadh Gobnait óg an mhin do roinnt ortha go fial is go flaitheamhail. Ar teacht don gorta, amhthach, thagaidís chúiche 'na sluaightibh móra agus do lean sí de bheith ag tabhairt na mine dhóibh. Ag a thabhairt sin fá ndeara dá hathair d'órduigh sé dí gan a thuilleadh den mhin do thabhairt uaithe ar eagla ná beadh a ndóthain acha féin, mar bhí an gorta ag druidim leó cheana féin. Acht níor staon Gobnait ó bheith ag tabhairt na mine do sna bochtaibh. Ní fheadfadh sí daoine d'fheiscint i ngábhtar gan foirithint ortha.
    Fá dheire d'órduig a hathair dí an tig d'fhágaint agus d'imthig sí uirthi ar fán. Bhíodh aingeal i gcómhnaidhe ag cur cogair 'na clúais ag a cómhairliughadh gan fanamhaint i n-aon áit acht i n-áit i n-a mbeadh naoí gcinn d'fhiadhnaibh bána roimpe.
    D'aimsigh sí trí cinn aca i mBaile i n-iarthar Chiarraighe agus d'fhan sí ann ar feadh tamaill agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Location
    Ballyvourney, Co. Cork
    Collector
    Pádraig Ua Duinnín
    Gender
    Male