School: Gurrane (C.) (roll number 14840)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Ní Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 374

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 374

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (C.)
  2. XML Page 374
  3. XML “An Gandal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Um thrathnón' indé seadh chualas-sa sgéal
    Ar sgafaire gléigeal gandail
    D'imthigheadh thar cail i nimiol móinfhéir
    'S do thugadh roint féir na chabhail leis
    Tá duine'r an mbaile go ghéilfidh mé 'ainm
    A's gheáruigh sé madra donn leis
    Ba thruagh libh a dhearcadh nuair síneadh é marbh
    'S is dóigh liom gur strachadh an ceann de.
    Is é dubhairt Tomás nuair airigh sé a thásc
    Ciarrbhadh air, níor ghádh dhó an sghannradh
    I dtaobh aon t-saghas fághais ní raibh sé le fagháil
    Mura raghadh sé ag snámh nú ag damhas ann
    Ní raibh ins an áit ach tuinneacha báidhte
    Ní stadfadh préachán ná seabhach ann
    Go ndéintear é bhádh, é chrochadh nú lámhach
    An té thug anabhás dom ghandal.
    Do bhí sé sgafánta cuamasach láidir
    Chuirfeadh sé bláth ar ghéanaibh
    An té chídhfeadh gach lá é ag taisteal na mbánta
    Chuirfeadh sé áthas cléibh air
    Osna mo chroidhe mar tá 'gam le hínsint
    Go bhfuil sé gan bhrígh lag traochta
    Táim creachta gan puinn de shaibhreas an t-saoghail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Síle Ní Gharbháin