School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 228

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 228

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 228
  3. XML “An Gadaí Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Deir na seandaoine ná raibh aon chostas ar an mbóthar an tráth san. D'airigheas seanfear i mBaile Mhúirne á rádh go ndeanfadh tistiún 'na phóca an gnó go h-áluinn. Gheóbhfá béile breágh adubhairt sé agus níos mó ná mar fheadfá a chaitheamh ar thistiún agus is tú a bheadh go bolg-lán te ag teacht anoir bóthar na Dripsíghe. D'airígheas fear eile annso i gCluaindroichead á rádh go raibh sé ag caint le fear abhfad níos sine ná é féin agus go ndubhairt sé leis gur beag a chosnuigheadh bóithreóireacht 'na shaoghal féin. D'fhágaidís an baile go luath san oidhche agus bhídís i gCorcaigh ar maidin lár na mháireach. "What pocket money used you get, Tom." a dubhairt an fear óg leis. "Fourpence, then." adubhairt an seanfhear. "And used ye have enough in that much, Tom." adubhairt an fear óg airís leis. "Ah, tis so we used to make cribbage on it man" arsa Tom. Dubhairt m'athair liom go bhfágaidís féin i mBaile Mhúirne tímcheall am codladhta isdoidhche Dia Domhnaigh agus go mbídís i gCorcaig ar maidin. Is dóigh liom leis go bhfágaidís go luath um thráthnóna go minic. Pé sgeal é dubhairt sé go stopaidís i gcómhnuidhe ar feadh tamaill mhaith trí nú ceathair d'uairibh a' chluig béidir, nú go mbíodh sé in am dóibh bheith ar a' mbóthar airís. In áit éigin tímcheall na Dripsíghe a stopaidís adubhairt sé agus go mbíodh ceoltóirí amach ó Chorcaigh annsan, na Cáithníní
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish