School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 227

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 227

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 227
  3. XML “An Gadaí Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    seisean "ná fuil an Bishop annso sa truchaill againn."
    Bhí fear 'na chómhnuidhe i mbárr an t-Sléibhe Riabhaig darab ainim Diarmuid Ó Céilleachair. Fear cruaidh ná raibh ró mhór do b'eadh é. D'eirigh sé go moch maidin shamhraidh. D'iompaigh sé na ba as an tuar agus do chomáin sé leis ag siúbhal go Corcaigh. Bhí an chathair isteach 's amach le dachad míle uaidh. Do shiúbhlaigh sé abhaile airís an lá céadna agus thug sé na ba leis. Ínnsean seandaoine an bhaill sin go léir an sgeal so agus níl aon amhras ná gur thuit sé amach. Nuair a bhíonn daoine óga ag déanamh iongnadh dhe deirid go ndeineadh gach aoinne an uair sin é ach gur dhein seana Dhiarmuid Ó Céilleachair beagán níos mó ná an gnáth coisíde.
    Do cailleadh seanfhear anuraidh a bhí os cionn 90 bliain. Chaith sé deire a shaoghail le h-ais MaghChromtha ach nuair a bhí sé 'na fhear óg bhí sé ag obair d'fheirmeoir in Áth Leacach i gCúil Aodha agus sé an saghas gaill aoiligh a bhíodh ann an uair sin ná ceann a dhéanfadh gabha. Bhídís ana ann-spianta agus bhíodh na fir cortha dhíobh. Chonnaic an buachaill seo ar ao' chuma ceann in áit éigin a bhí á shíol ins na siopai i gCorcaig agus thaitn sé go seóid ar fad leis. Ní raibh lá Peadair is Póil abhfad uaidh agus nuair tháinig sé siúbhlaigh sé go Corcaigh agus cheannuigh sé ghaill aoiligh an t-siopa agus roint tobac leis mar bhíodh sé deacair é d'fhághail fé'n dtuaith an uair sin agus do shiúbhlaigh sé leis abhaile go Cúil Aodha airís agus an gaill ar a ghualainn agus níor dhein sé aon iongnadh in ao' chor de.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish