School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 226

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 226

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 226
  3. XML “An Gadaí Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    arsa'n guth. "Béarfad-sa an t-aga liom" ar seisean agus do réir mar thuigfá do chríochnuigh sé pé deagh ghnó a bhí ar siúbhal aige.
    Tá sgéal mar sin ag daoine annso mor thímcheall i dtaobh gaduidhe eile a mhair tímcheall na Blárnan nuair a bhíodh na sean daoine ar an mbóthar go Corcaig le h-ím. Oidhcheannta doecha thagadh sé roim daoine ar an mbóthar le h-ais na Blarnán agus do bhaineadh sé fircín ime dhíobh. Sa pháirt sin de'n bhóthar bhí tuitim mor síos uaidh ar thaobh amháin - sraoileán agus do leigeadh sé an feircín síos an sraoileán san. Do thárla oidhche gur stop sé feirmeóir agus gur bhain sé feircín ime dhe. "Díolfair as so" arsan feirmeoir leis. Tháinig eagla ar an ngaduidhe gur poilíní nú rud éigin mar sin a bhí na cheann agus d'fhiafruigh sé dhe cathain. "Ar an saoghal eile" adubhairt an feirmeóir macánta. "Má théidheann sé chómh fada san tógfaidh mé an feircín eile sin" arsan gaduidhe agus do sgaoil sé an tarna ceann síos an sraoileán in diaidh an chínn eile.
    Nuair a bhíodh na feircíní ime á líonadh bhíodh ainm fé leith ag daoine ar an ím ba mheasa. Sé ainm é na "The Bishop". Bhí fear agus bean ag dul isteach go Corcaig oidhche le h-ím agus bhí roint den "Bishop" leis aca. Tímcheall na Dripsíghe mar a raibh droch ainm ar an mbóthar bhí an bhean ag brúghadh isteach i gcoinnibh an fhir agus dubhairt sí go raibh eagla ag teacht uirthe. "Airiú cad is gádh an t-eagla"ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish