School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 210
- XML “Diarmuid na nÉistigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I
A Dhiarmuid na n-Éistig is náir an scéil duit
Mar d'imthíghis féinig san arm uainn
Do mhuinntir céasta gan bhia gan éadach
A' siúbhal na h-Éireann go déanach duairc
Mara bheadh go rabhadar aosta 's gur cruaidh a saoghal tú
Ní bheinn chómh géar chun tú gearradh anuas
Gur thugadar réim duit, bídh is eaduigh
Sgríobhadh 'gus léigheann chun gur aosuighis suas.
II
Níor bhfholáir led' mháithrín mar bhí sí cráidhte
'Sníor stad sí 'on stáir sin go Corcaig Mhóir
Ag cur tuairisc na h-áite mar mbíodh a' ghárda
Ins na mbarraics mbána ar bhruach a' chuain
Níor bhain sí nád di 's níor sín sí tháirse
Níor bh'é ba chás léi ach ag gol go cruaidh
A' siúbhal na sráide a's na tighthe tábhairne
Feuchaint a' bhfeicfeadh sí a grádh geal ag gabháil síos ná suas.
III
A's ar maidin amáireach sara gheal an lá
Do dhein sí spás ar na flaigí cruadha
Ag guidhe go cráidhte chun Muire Máthair
Gan Sairgent Gráffí do fhágaint buan.
Do bhíodh ór a's pláta 'ge dhá gheallamhaint gach lá dhi
'S ná feicfeadh gábhtar as san suas
Ceól a's dánta agus fíonta ar chlár ann(continues on next page)- Collector
- S. Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Address
- Clondrohid, Co. Cork
- Informant
- Maighread Bean Uí hIobard
- Gender
- Female
- Address
- Clondrohid, Co. Cork