School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 209

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 209

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 209
  3. XML “An Creachaillín Éithigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Do greadadh ar daor chrois céasta peannadaigh
    Do mhór glóire tabhair ar gcóir
    Ach sleachta ceart Gaegheal nár shéan an t-Aifrean
    Ná ainm na Réiltean maordha an bhanarlain
    Thug deóil sóghmhail do leanbh na h-Ógh
    Fanaidh ó'n dtréad so do shéan an Eaglais.
    Ag teagasc na mbréithre naomhtha mbeannuighthe
    Deanaidh seachanaidh i gcaomhnú i gcaradas
    A ngéaga malluighthe bréan le h-eascaine
    I ngleó slóigh ná glacaigh nbúr gcómhair.
    IV
    B'fhada é mo ghaoghal cé aosta céana mé
    'S dá bhfeicfinn retréacht le h-aon chorp anaithe
    Ar a' gcrón cóip a gcartadh le cómhar
    Ach grathain a' Bhéarla do theacht ó Shasana.
    An Cailbhin seo chraois do raobh na h-aitheanta
    Gan cóir dóibh thug masla do'n órd.
    A' gcartadh le piléaraibh tréana i gcathannaibh
    D'fhúig marbh, lag, faon na méith-bhruic mbeathuighthe
    Beidh féasta ar halla 'gainn, eigse a' canntain suilth
    Beidh cléir na h-Eaglaise a léigheann an Aifreann
    Ar leónaibh leónta agus bandanna ar seól.
    Diarmuideach Seamuis do chúm é.
    Tá bhéarsa in easnamh agus ní dóibh liom go bhfuil an méid atá ann de ró chruinn mar bhí sé leath dhearmhadta ag an seanduine a thug dom é; ach do thógas síos uaidh é fé mar a fuaras é. Tá línte annso 's annsúd san áit eagcórtach is dóigh liom.
    Seán Ó Liatháin, Sliabh Riabhach, Baile Mhúirne a thug dom é sa bhliain 1923. Tá sé curtha le cúig bliana.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Liatháin
    Gender
    Male
    Address
    An Sliabh Riabhach, Co. Cork