School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 195

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 195

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 195
  3. XML “Diarmuideach Séamuis agus Murt Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí file i gCiarraidh darab ainm Murt Mór. Do mhair sé le linn D. Seamuis. Bhí sé ag gabháil aniar Gleann Fleisce lá agus chonnaic sé gasra spealadóiríag obair i móinfhéir taobh thíos de'n bhóthar ag Cluain Chaoin. Do tharla gur do bhean ó Cho. Chorcaighe a bhí pósta san áit sin, a bhíodar ag obair, ach bhí fabhar ag file Ciarraighe leó toisc gur b'iad a mhuinntir agus dubhairt sé nuair a tháinig sé chómh fada leó:-
    "Ar a' dtaobh thíos díom a bhíodar ag gearradh a cuid féir;
    Síol ceart na buidhne a fuair ceannas agus réim.
    Gur b'é crích bídh a bhí 'ce ortha i gcaitheamh a' laé
    Dríodar gan puinn mine i bpota beag mhaol."
    Bhí D. Seamuis ann agus d'airigh sé an íde a thug file Chiarraighe ar mhnaoi Chorcaighe agus d'fhreagair sé é mar seo:-
    "A ghnáis Mhurt is nár liom mar spallais a' léighean,
    I n-áitreamh nár ghábhtar agus i gciontaibh nár ghaor.
    Sin árthach nár ghnáthach úr gcoinnibh-se ar chaol;
    Scála agus é lán de mhin choirce nár théighidh.
    Ach an práta mhil-bháithte agus é lán de'n uisce bhíodh géar
    Agus le deárcas nár bh'f'lár díbh é ithe chun sgéith."
    Do luíg Murt Mór air agus d'iarr sé air gan a thuille do rádh agus ní deirtear go ndubhrathas a thuille an lá san pé sceal é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Loingsigh
    Gender
    Male
    Informant
    Domhnall Ó Loingsigh
    Gender
    Male
    Address
    Doire na Sagart, Co. Cork