School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 170

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 170

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 170
  3. XML “Lá Bealtaine”
  4. XML “Capaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    croice agus bainne as an taobh eile. Do stop bean feirmeóra eile eadach le lín.
    Lá amháin bhí bean fheirmeóra ag déanamh meidre ime. Tháinig fear a bhí ag briseadh cloch ar an mbóthar isteach agus do las sé an píopa agus amach leis airís. Bhí sé ag briseadh cloch leis go tráthnóna agus bhí an bhean ag déanamh ime go tráthnóna ach ní raibh sí ábalta ar an im do dhéanamh. Tháinig fear an phíopa isteach agus chuir sé a lámh ar an mbaraille agus deineadh an t-ím gan mhoill.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Deirtear go bhfeiceann an capall alán rudai nách féidir leis an marcach a dhfeiscint i n-ao' chor. Bhí fear ag dul ar an mbóthar lá agus bhí sé chun a chapall do bhreith leis as páirc ná raibh abhfad ó'n dtigh. Bhí iallait 'na láimh aige agus bhí sé ag dul go dtían baile mor. Chuaidh sé ann leis ach nuair a bhí sé tamaillín ann d'airigh sé go raibh gaol gairrid do tar éis bháis d'fhághail. Chuir sé teachtaire abhaile go triall ar a mhnaoi le sgeala agus chomáin sé féin leis go dtí an tórramh. Ar theacht abhaile do tímcheall uair an meadhon oidhche iseadh do thuit an rud greannmhar amach. Nuair a bhí an fear ag cur an capall isteach sa pháirc do léim sé agus thosnuig sé ag siotruig. Tháinig an marcach anuas de'n chapall agus chonnaic sé an gaol marbh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Briain
    Gender
    Male
    Address
    Clashmaguire, Co. Cork