School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 169

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 169

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 169
  3. XML “Lá Bealtaine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is é cúis gur tugadh Bealtaine ar an mí seo ná so:- Lá ana mhór aiges na seana Gaedhil do beadh an cead lá de Mhí na Bealtaine. Bhí Dia págánta aca agus Daal do b'ainm do. Lastai teine ana mhór an lá so in onóir do. Tugtar "Báal"-teine ar an mí ó shoin.
    Deirtear go ndeintí díoblaidheacht ar ím na ndaoine roimis seo. Seo sceal ag innsint mar gheall air:-
    Bhí fear na chómhnuidhe tímcheall an bhaill seo agus bhí sé pósta. Is aige a bhí ceithre cinn deag de bhuaibh agus bhí buachaill aimsire aige leis. Bhí a dearbhshiúr na cómhnuidhe sa tigh leis agus isí a bhí ag déanamh an ime. Bhí níos mó ime aice ná mar ba cheart a bheith á dhéanamh an uair sin. Bhí "poll san lochta agus bhí an buachaill aimsire na codladh in aice an phoill. Gach seacht lá roim lae Bealthaine. Ciodh sé cailín an t-ím ag eiríghe timcheall uair an meádhon oidhche agus ag dul amach an simné. Dhein sí an méid sin trí oidhche in diaidh a ceile agus an ceathramhadh oidhche do dhein an buachaill an rud ceadhna agus amach an simné agus cuaidh sé isteach i cpairc mar a raibh ba na gcomharsan agus chonnaic sé bean a bhí sa tigh leis. Do ruagadh as an bpairc agus thánaig sé abhaile. Nuair a fuair sé an bean na diogbailiochta bás agus bhí an (taobh) toramh uirthe. Thug gach éinne fé ndeara an t-ím ag teacht ar taobh ná
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. May (~639)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Briain
    Gender
    Male
    Address
    Clashmaguire, Co. Cork