School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 152

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 152

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 152
  3. XML “Ba agus Cróanna”
  4. XML “Ba, Im agus araile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bó ó'n adhairc. Bíonn fáinne in aghaidh gach blian aoise ar adhairc na bó. Is féidir le daoine eólgaiseacha i dtaobh ba aos na bó do dhéanamh amach ó na beal.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí bean ann fadó agus bhí sí ag obair d'fheirmeóir chreideamhnach agus bhí an díobluíocht aici á dhéanamh ar a cómharsanaibh go léir. Thug duine aca l___ meidre dhi agus nuair a chuaidh an l___ tar n-ais do theip glan ar an bhfeirmeóir sin aon im a dhéanamh i gcaitheamh na bliana san. Thug an máighistir fé ndearra go raibh níos mó ná a cheart ime á dhéanamh. Ní raibh sé sásta leis sin agus chuir se abhaile í agus nuair a bhí sí ag gabháil thar abhainn do sguab an tuille léi í agus fuaradh tamall síos san abhainn í marbh.
    Thug bean fheirmeóra meadar do mnaoi eile tráth chun ime 'dhéanamh. Nuair a fuair sí an meadar tar n-ais ní fheadfadh sí aon ím a dhéanamh. Fuair sí smearóid teine agus thug sí go dtí an tig eile í agus fuair sían t-ím go léir ins an dtobán uisce.
    Tá alán nósa ag bainnt le lá Bealtaine a tháinig anuas chúghainn. Isé cead rud a deintear anois na uisce coisreacan dfhághail agus é chaitheamh ar gach toradh a bhíonn ag fás agus ar na h-ainmhidhthibh leis agus deirtear gur chun sprideanna spéir do ruagairt a deintear é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Ó Briain
    Gender
    Male
    Address
    Clashmaguire, Co. Cork