Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)

Suíomh:
Clondrohid, Co. Cork
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 149

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 149

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrane (B.)
  2. XML Leathanach 149
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear i na cómhnuidhe i Lios a' Chraosaigh fadó ag d'íosfadh sé gach rud d'fhéadfadh sé d'fhághail agus bheadh ocras air i ndiaidh san. Is amhlaidh a bhí sé fé riar ag diobal a bhí ann. Fuair sagart dhios a sgéile agus dhein sé suas a aigne an fear bocht do leigheas. Do shocruig sé ar seift símplidhe chuna n diabhal do mhealladh as an bhfear i dtreó na beadh sé ag tabhairt a thuille trioblóide do.
    Rug sé an fear leis go dtí a thigh agus chuir sé gach sodhluiste a bhí le fághail ar an mbord roimis. Annsa fuair sé fórca agus chuir sé piosa bídh ana dheas air agus chuir sé isteach i mbéal an duine é. Bhí sainnt mor ag an diabal chun a bhídh agus do léim sé suas chun an scórnaig agus nuair tharraing an sagart an forc go h-obann annsan do lean an diabhal é trí bhéal fir agus nuair bhí sé ins an aer annsan nior fheadh sé casadh abhaile airis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear darab ainm Seáinín Fada i n-a chóhnuidhe ar an dtaobh thiar thuaidh de Sráidbhaile Carraig an Ime tráth éigin. Bhí tigín beag cínn tuighe aige agus ní raibh in a chómhnuidhe ann ach é féin agus a mhac. Fear óg aerach do b'eadh an mac agus níor thaithn leis bheith sa bhaile ag tabhairt aire des na gabhair go léir a bhí ag a athair ar an sliabh. Fuair sé an oiread agus a thóg go Sasana é agus dhein sé a shlighe ann ar chuma éigin. Ba gheárr gur bhuail sé féin agus inghean d'fhear ana shaidhbhir uime chéile, agus thuit an cailín i ngrádh leis. Bhí cion ana mhór ag an gcailín so ar mhac Sheáinín agus théigheadh an bheirt aca ag siúbhal le cois a'chéile go minic. Nuair a bhí athair an chailín ag tabhairt féasta tamall 'na dhiaidh sin dubhairt an cailín le mac Seáinín teacht go dtían fhleadh. Thug culaith nua dho leis agus rudaínach é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Donnchadh Ó Ceallacháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mullenroe, Co. Cork