School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 147

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 147

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 147
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tímcheall míle ó thuaidh ó n'ár dtigh-ne ta ball ana uaighneach ar fad. Tá bóthar ag dul isteach i ngleann ana dhoimhin. Deirtear go raibh sprid ann fadó agus gur mhairbh sí alán daoine. Bhí aon fhear amháin agus bhí sé ag dul go sochraid. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile do stad sé ag tigh tábhairne fan bhóthair, agus deallruighean an sgeal gur dhein sé roint áirneáin mar bhí an oidhche ann sar ar chuimhnigh sé ar an mbaile. D'ól sé a dhóthain go maith agus d'fhág sé an capall ceangailte taobh amuich de'n dorus. Nuair tháinig sé amach ar ball chun dul abhaile ní raibh an capall ná a thuairisc ann. Siúd isteach é airís agus é ar buille. Fuair sé bata agus dúbhairt sé go marbhóchadh sé an capall nuair a bearfadh sé air. Bhí sé tímcheall míle ó'n áit go raibh an sprid.
    Tháinig sé go dtían áit go raibh an sprid agus do chonnaic sé an capall annsan agus é ag inbhear ar thaobh an chlaidhe. DO bhuail sé an capall ach cad a bheadh ann ach an sprid. D;éirigh síos a chionn anáirde sa spéir agus bhí cath fíochmhar aca. Bhí sgian coise duibhe ag an bhfear agus d'airígheadh sé na sean daoine á rádh dá gcurfá na seasamh sa sprid í agus í fhágaint inti go mbeadh deire léi. Do dhein sé amhlaidh láithreach agus thuit sí anuas ar an mbóthar. Chuaidh an fear abhaile.
    Ar maidin lá'r na mháireach a bhí chúhainn chuaidh a mhuinntir go dtí an áit agus fuaradar an scian sáidhte i lár an bhóthair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Con Ó hAragáin
    Gender
    Male
    Address
    Barr an tSeanchnoic, Co. Cork