School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 146

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 146

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 146
  3. XML “Lá Bealtaine”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus an cú a bhí aige amach go moch ar maidin lá Bealthaine agus nuair a thánaig sé go dtí an pháirc. Chonnaic se gearrfiadh agus é ag ól an bhainne as úth na bó. Chuir sé an chú 'na diaidh agus rith an gearrfiadh isteach i dtigh. Rug an chú greim uirthe agus nuair a tháinig an fear isteach chonnaic sé an bhean 'na suidhe ar chathaoir agus bhí fuil ar an dtalamh mór thímcheall uirthe, agus do cailleadh í. Mara mharbhóchadh an cú an bhean sin bheadh an t-ím ag imtheacht ó'n bhfear an chuid eile de'n bhliain.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear 'na chómhnuidhe in aice Carriag an Ime agus bhí 35 ba aige. Bhí buachaill aimsire aige agus do chodhluigheadh sé anáirde ar lochta a bhí os cionn an chró. An cead oidhche bhí taidhreamh aige agus cheap sé go raibh sé ag lorg bó. Nuair eirigh sé ar maidin ní raibh ach 34 ba ann. Fear ana dána do b'eadh é agus d'fhan sé suas ar an locta an oidhche sin. Tímcheall uair an meadhon oidhche connaic sé ceathrar fear ag teacht anuas tríd an lochta agus bhí ____ ar a nguailnibh aca. I gcionn tamaill d'imthigheadar as a radharc. Chuaidh an fear go dtí an sagart agus d'innis sé an sgeal go leir do agus dubhairt an sagart an cró do leagadh agus é do dhéanamh in áit eile. Nuair a bhí na fir ag tógaint suas an úrláir connaiceadar cnámh fir ann. Annsan bhí fhios aca cad a bhí ag tógaint na ba. Annsan tugadh an beirt ba tarn-ais do airís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
    Collector
    S. Ó Clúmáin