School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 134
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bí beidhleadóir ann uair amhain agus beidhleadóir ana mhaith do bead é.

    (continued from previous page)
    Dubhairt an puca leis dá ndeineadh sé an port ceadhna do sheinnt seacht n-uaire go ngeobhadh sé bás. Chuaidh an fear go dtí rinnce agus bhí sé ag seinnt an phuirt chéadhna agus níor chuimhnigh sé i aon chor cad dubhairt an puca. Nuair a bhí sé á sheinnt an seachtú uair thuit na daoine go léir 'na gcodhladh agus nuair dhúisígheadar bhí an beidhleadóir marbh ar an urlar.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear oibre agus bhí sé na chómhnuidhe i dtig beag agus is aige a bhí an chlann mhor. La Bealthaine thánaig bean feirmeora isteach agus d'iarr sí salann ar bean an tighe bhig agus thug bean an tighe bhig an salann di. Bhí trí cinn de mhucha ramhra aca i gcóir an aonaigh agus bhí capall agus trucaill chun teacht maidin lair na mháireach. Nuair a chuaidh an sclabhuidhe amach chun iad a thabhairt do dtí an t-aonach bhí dhá cheann aca marbh. Ní raibh fágtha aige ach ceann. Bhí tigh deanta ar cosan cómhgair ins a ball san agus d'airígheadh muinntir an tigh fothram mor trom agus bhí gasra mor daoine ins an tigh ag imirt cártaí oidhche agus chonnaiceadar an socraid ag dul tríd an tigh agus chuadar a' chodladh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Uair éigin fadó do bhí sagart 'na chómhnuidhe i n-áit áirighthe. Aon oidhche amháin nuair a bhí an sagart ag teacht abhaile ó áit éigin agus in aice an t-Séipéil conaic trí soillse i lar an bhóthair. "Ó" ar seisean "cad é an bhrigh atá leisan. Ansan labhair an solas ba ghile,: táim-se i bhflaitheas Dé ar seisean. Annsan do labhair an tarna solas,: táim se i bflaitheas De leis adubhairt se. Annsan do labhair an trímhadh agus a dúbhairt sé: Nilim-se i bhflaitheas in aon chor mar níl baiste fághaltha agam.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.