School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 132

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 132

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 132
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéilín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear na cómhnuidhe i gCluaindroichead fadó agus Sean a Scota a bi mar ainm air.

    (continued from previous page)
    Seán thuille. I gcionn cupla seachtmhain do tháinig Seán go dtí an sagart agus dubhairt sé leis, an mallacht do bhaint díobh airís ná raibh aon suaimhneas aige ó cur sé ortha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear bocht tímcheall na mball so alán bliadhanta ó shoin. Diarmuid a' Stoca an ainm a bhí air. D'fhanadh sé i dtighthe na bhfeirmeóirí mar do choimeadaidís é. Bhí sé mar sin i dtigh feirmeóra oidhche agus bhí stáisiún le bheith sa tigh ar maidin lár na mháireach. Nuair thánaig an sagart ar maidean bhí Diarmuid le h-ais na teine mar bhí an mhaidean go glas. D'fhiafruig an sagart d'fhear an tíghe cé'r bhé Diarmuid agus d'innis sé dho. D'órduigh an sagart é chur amach agus dubhairt fear a' tíghe leis dul isteach i dtigh na móna agus suidhe síos ann do féin. Ní deirtear go ndubhairt Diarmuid aon nídh. Ach ar ball nuair a bhí an sagart ullamh chun Aifrinn dubhairt sé le fear a' tíghe. "Téidhfir amach agus abair leis an bhfear san teacht isteach go dtí t-Aifreann".
    Chuaidh an fear amach agus dubhairt sé le Diarmuid go ndubhairt an sagart leis dul isteach go dtí an t-Aifreann. Sé seo an freagra a thug Diarmuid air:-
    Má tá an t-Athair Mhac chómh tarcuisneach leis an eaglais
    Níl brígh nár ngnó,
    'S ní fearra dhúinn an t-Aifreann
    Ná suidhe ar a' móin."
    I mball eile deirtear gur b'é Eóghan Ruadh Ó Súilleabháin adubhairt é agus gur b'é a bhí ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.