School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 131
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Tá ait in aice mo thíghe se agus tá rí curtha ann.

    Tá áit in aice mo thíghe se agus tá rí curtha ann. Deirtear go raibh cath ann tráth agus ní raibh ach cúpla míle duine ar gach taobh agus marbhuigheadh ceann airm a bhí ar aon taobh amháin agus cuireadh ann é. Roiligh na Ríogh a tugadh ar an áit ó shoin.
    Bhí píopaire 'na chómhnuidhe ann leis agus bhí tigh beag deas cluthmhar aige ann. Bhí cosán in aice an tíghe agus tar éis a bháis do chonnaic duine ann é agus é ag seinnt na bpíp. Duine do's na daoine do chonnaic é. Tháinig taom breoiteachta tromh ar duine aca so do chonnaic ach táinig sé as.
    Clas-fiadhach maguidhir an t-ainm iomlán atá ar Chlas Maguidhir. Bhí tigh ag taoiseach ann. Maguidhir ab ainm do. Bhí alán giarrfiadh agus madraí-ruadh agus bhíodh an taoiseach á bhfiadhach. Sé sin an cúis gur tugadh Clas fiadhach Maguidhir mar ainm ar an áit. Tá clais doimhinn ann leis. Tá galán ann leis agus tá sé sinn 7tr -9ór ar aoirde. Tá duine curtha ann agus nuair a théigheann aoinne tar an áit caitheann sé cloch san áit. Tá fotharacha do seana cártha ann leis agus do h-airuigheadh an casúr ag bualadh ann uair amháin agus do chonnaic na daoine lasair ann leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
  2. Scéal

    Bhí fear na cómhnuidhe i gCluaindroichead fadó agus Sean a Scota a bi mar ainm air.

    Do bhí fear na cómhnuidhe i gCluaindroichead fadó agus Seán a Stoca a bí mar ainm air. Téigheadh sé go dtí an t-Aifrean ann gach Domnach. Bhíodh buacaillí an pharoiste a procadh nuair a bhíodh sé istigh na measg agus nuair a prioctaí Seán luigheadh sé. Do bhídís ag gabháil do mar sin gach Domhnach agus sa deireadh do bhí sagart agus dubhairt sé Domhnach airighthe go gcuirfeadh mallacht ortha dá bpriocfaidís
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.