School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 103
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)
  5. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Ministir do b'eadh Townsend i bparóiste Cluaindroichead fadó agus bhí feirm thailimh leis aige.

    (continued from previous page)
    na buillí, bíodh gur fear láidir a bhuail iad. Níor bhuail Seán Mor é tar n-ais ach rug sé ar láimh Townsend le na láimh dheis agus do bhrúghaidh go dtí gur bhéic Townsend agus do rith an sruth fola síos fan a láimh agus amach fan a mhéireanna. Do ghortuighis mé" arsa Townsend leis. "Ní deanfainn" arsa Seán Mór "ach do chuiris glas ar an geata roim mo bheirt fhear agus mo chapaill you brute." Ní deirtear go ndeaghaidh Horatio Townsend suas is anuas le Seán Mór Ó Luasa as san amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Deirtear i gCluaindroichead agus sa cheanntar so goléir nuair bídtear ag cur síos ar dhuine ana láidir nú ar fhear mór:

    Deirtear i gCluaindroichead agus sa cheanntar so go léir nuair bídtear ag cur síos ar dhuine ana láidir nú ar fhear mór: "Chómh mor le Seán Mor Ó Luasa" nú "Chómh láidir le Seán Mor Ó Luasa".
    "Chomh críona le capall na gcómharsan" deirtear le haon rud ana chríona
    "Dein mar a dheanfadh máthair Sheáin Óig é" adeirtear le duine má oireann rud a dheanamh go slachtmhar.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. "Tuata tuisgionach is buadhartha é a aigne."
    Tuigeann sé rudai go maith ach ní bhíonn fhios aige conus réidhteach a dheanamh ortha.
    "Tigeann rath ar an sruimileáil & bíonn clann ag an amadán"
    "Níl ins an saoghal so ach tréimhse mí-ádhmhar
    Gan cúntas ag aoinne ach ó 'ndé go dtí amáireach."
    "Easnamh a gcirt féin a dheineann rógairí dá lán"
    "Is mó croiceann a chuireann an óige dhe!
    "Caith do ruaimneach sa pholl is doimhinne agus maran rithfidh leat stop ar na h-áthannaibh"
    "Airgead caillíghe á mún cois fallaí."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish