School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 102

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 102

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 102
  3. XML “Aos an Domhain”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an oidhche sin agus bhí an tigh go léir dúnta ach aon phoillín amháin. Do thosnuig an bheirt aca ag feachaint isteach agus cad a bhí ar siúbhal istigh ach an bean agus í ag crúdh cosa na cathaoireach agus cad a bhí ag teacht amach ach aoileach na bó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Ministir do b'eadh Townsend i bparóiste Cluaindroichead fadó agus bhí feirm thailimh leis aige.

    Ministir do b'eadh Townsend i bparóiste Cluaindroichead fadó agus bhí feirm thailimh leis aige. Nuair a bhí roint blianta caithte aige ann thug sé a fheirm ar chíos do fheirmeóir darab ainim Seán Mór Ó Luasa. Fear ana láidir do b'eadh Seán Mór. Nuair a bhí Townsend roint blianta i Sasana tháinig a mhac, Horatio Townsend go h-Éirinn agus chuir sé Seán Mór Ó Luasa amach as an bhfeirm. Chuaidh Seán Mor isteach i bhfeirm eile cómhgarach do'n bhall. Fear ana láidir do b'eadh Horatio Townsend, leis, agus bhí cothúghadh air ná raibh triaill aige le Seán Mor sar ar scar sé leis, mar d'airigh sé gur fear ana láidir gur b'eadh é. Theastuigh uaidh Seán Mor a throid. Ní raibh an t-aoileach tairricthe ag Seán Mor as chlós Townsend nuair d'fhág sé amach an áit agus chuir sé beirt fhear lá le dhá chapall a tharrac. Nuaira bhí na fir agus na capaill ar an dtaobh istig de gheata Townsend do chuir Townsend an glas air. Nuair a chonnaic na fir cad a bhí deanta siúd tar n-ais abhaile le duine aca agus d'innis do Seán Mhor cad a bhí tuitithe amach. D'fhan an tarna duine i bhfeighil na gcapall. Ní raibh Seán Mor ach ag ithe a bhreacfast nuair d'airigh sé an sgeal. D'eirigh sé ó'n mbórdgan fiú a hata do chur air thug aghaidh ar thigh Townsend. Nuair tháinig sé go dtí an geata rug sé air agus do bris sé an glas. Bhí Townsend ann roimis agus do bhuail sé Seán Mor cúpla h-uair ach níor chuir seisean aon t-suim ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish