School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 101
  3. XML “Aos an Domhain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Trí fear fiadh, trí fiadh fiolar, trí fiolar umaire criadh, trí umaire criadh críoch a' t-saoghail.
    ----------
    Seo mar cómhairuightí na gabhair fadó.
    Trí fichid gabhar rabhta,
    Trí fichid rabhta radlach,
    Trí fichid radlach ailbhín,
    Trí fichid ailbhín colpa.
    ----------
    Bhí ceathrar fear ag dul amach go luath maidean Lae Bealtaine ag cur suas cré. Do bhí rán ar a ghualainn ag gach fear aca agus é ullamh chun oibre. Nuair a bhíodar ag gabháil trís na páirceanna buail bean sa chómharsanacht na gcoinnibh. Nuair a bhí sí i n-aice leó thóg fear aca anuas a rán agus do geárr se bróbh luachra a bhí aice a' tarrac na diaidh. Nuair a gheárr sé é do thosnuig an bainne ag rith as.
    ----------
    Bhí feirmeoir ana mhór ann agus bhí fear aige ag feachaint i ndiaidh na mbeithideach. Lá amháin tháinig bean chun an fhir agus d'fhiafruig sí dhe an 'neosfadh sé dhi cathain a bheadh laogh ag an mboin sin, agus dubhairt sé leí go 'neósfadh. D'innis sé do'n mháighistir cad dubhairt an bhean. "Innis dómh-sa ar dtúis é" ar seisean. Nuair a bhí an laogh ag an mboin do chaith an máighistir píosa aoiligh isteach i mbeal an laoigh agus d'innis an fear eile go raibh an bhó tar éis breith. Do chuaidh an beirt aca go dtí tigh na mná
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish