School: Lios Leamháin, Tigh Molaga (roll number 12145)

Location:
Lislevane, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0318, Page 114

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0318, Page 114

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lios Leamháin, Tigh Molaga
  2. XML Page 114
  3. XML (no title)
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Dá bhfaghainn-se mo chailín i ngáirdín na saraibh.

    Dá bhfaghainn-se mo chailín i ngáirdín na saraibh,
    I bhfad ó na mamaí i ngáirdín na n-ubhall,
    Thabharfainn-se cogar di agus do bhrúighfainn go socair
    Agus fé mar a bhogfadh sí thuitfadh sí anall. (thiocfadh sí liom ?)

    Pádraig Ó h-Aodha (67)
    Árd Gaotháin
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí sagart i dTigh Molaga gurbh ainm dó Seán Ó Gríobhtha. Bhí sé ag tabhairt min-bhuidhe amach mar dhéirce dos na bochtáin. Do chómhnuigh fear ann leis agus a bhean agus a inghean agus ní bhfaighdís pioc ó'n sagart mar dhéirc mar níor réitigheadar féin agus an sagart le chéile.
    Dubhairt fear de's na comharsain leo dul ar triall ar Shéamus Ó Colmáin agus go dtabharfadh sé sin cúntas dóibh chun an tsagairt. Do chuadar ag triall air agus do thug sé an scríbhneóireacht dóibh agus in-aimhdheoin a scríobh sé é mar nior thaithnigh sé agus an sagart céádna riamh le chéile. Do labhair an leitir mar seo:-

    A Athair Seán Ó Gríobhtha,
    Atá go múinte líomhtha,
    An dtabharfá beagán mine do Dhiarmuid Ó Gríobhtha,
    Go bhfuil a inghean na h-óinsigh,
    Agus a bhean críona
    Agus é féin na amadan agus is amhlaidh a bheidh sé coidhche.

    Seán De Faoit (65)
    Baile an Ghleanna
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán de Faoit
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Ballinglanna, Co. Cork