School: Lios Leamháin, Tigh Molaga (roll number 12145)

Location:
Lislevane, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0318, Page 111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0318, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lios Leamháin, Tigh Molaga
  2. XML Page 111
  3. XML “Pósaithe”
  4. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhíonn Inid ann bíonn a lán pósaithe ann. Fadó nuair a bhíodh siad ag dul chun pósadh do shuibhladh siad go dtí an séipéal. Nuair a bhíodh an fear ag féachaint an bhfaighadh sé cailín d'fhanfadh sé amuich ar chlós an chailín agus nuair a thagadh an cailín amach ag déanamh aon oibre do bheireadh an fear an cailín go dtí an sagart agus bhíodh siad pósta. Nuair a bhíodh na fir ag dul go dtí tigh na ndaoine a bhíodh pósta siad na cultacha a chuireadh siad ortha ná cóta plainnín agus bríste plainnín agus bróga láidre. An fear a bhíodh chun pósadh bhíodh an chulaith chéadna air agus brat mór ar an mnaoi.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do deineadh an cleamhnas ar dtúis. Do théigheadh an t-ógánach agus an bhrinneall anáirde ar an gcapall agus théigheadh an bhrinneall anáirde ar an gclaidhe chun dul ar an gcapall. Bhíodh an bhrinneall ar philín ar dhrom an chapaill ar an dtaobh thiar de'n ógánach. Bhíodh clóca agus cóta dearg ar an mbrinneall agus bhíodh galarsaí ar an gcóta dearg chun é do chiomáint suas. Bhíodh caipín an chlóca
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Mac Cárthaigh
    Gender
    Male
    Age
    78
    Address
    Ardgehane, Co. Cork