School: Gurrán Easaigh (roll number 12053)

Location:
Garraneanasig, Co. Cork
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 015

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 015

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrán Easaigh
  2. XML Page 015
  3. XML “Seanscoileanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí sgoil scairte fado in gleann a bhí in aice Cill-Bhriotáin. Do bhí Máighistir O'Donobháin ag múineadh ann. Bhí Gaeluinn á fhóghluim ann. Do bhí máighistir eile ann "Máighistir Lannin", a cómhnuig id Tigh Molaga. Do bhí cúig bailte-fearann ag dul ann. Do bhí mo shean-seana-athair ag dul ann. Do b'é lóin na máighistirí an t-am sin ná prátaí rósta. Tháinig droch aimsir in a dhiadh sin agus ní raibh aon prátaí acu. Briseadh an sgoil annsan már níorbh fhéidir leis na scoláirí dul leis an ocras. Sé an fáth go raibh an sgoil sin ann, ná baile Órástaig do b'eadh "Droichead na Banndan". Níorbh féidir le aon Catoileachach dul go dul Droicheadh na Banndan."
    Do bhí scoil thall ina bfuil muintear Ui Gradaig ina gcomnuidhe anois. Do bhí athair bean an phuist thall ag muinead ann. Nil fhios agam cad é an ainm eile abhí aige ac "Maighistir Ui Connolly." Do bhí Siobhán Ní Laoghaire ag muinead ann leis. Do bhí sí ina comhnuidhe ina bhfuil tigh beag thall ar thaobh an bhothair idir tig Mhuinntear Ui Fiacra agus crois Cul-Meadhon.
    Ní raibh aon Gaedhlinn acu a muinead ann. Do bhiodh clár dubh acu agus gach rud eile acu cosúil le h-aon scoil anois seacas slinnte agus peannlaidhe. Do bheadh slinne beag acu agus do biodh siad ag scriobh air le peannlaidhe beag. Do geobhtha slinne ar pinngin agus trí peannluaidhe ar leath-pingin. Do bhí ceann eile thuas ina bhfuil Muintear Ui Murcadha agus do bhí na muinnteoiri ceadhna ann. Is doig liom gur cuireadh suas na cailíní on scoil abhí tall ina bhfuil Muintear Ui Gradhaig anois mar do bhi buacailli agus cailini ag dul go dtí an scoil sin roimhe sin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish