School: Gurrán Easaigh (roll number 12053)

Location:
Garraneanasig, Co. Cork
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 010

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 010

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrán Easaigh
  2. XML Page 010
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sgata buacaillí oga thiar idtig Taidhg na nUbh la. Bí Seán Máire Ní Tuathaig ann, agus Seán ua n-Iarflaithe, agus trúir no ceathrar eile. Socaruigheadar 'na n-aigne go gceannocaidis paca cártaí agus go mbeadh cluiche cartai acu idtig Taidhg anois agus arís, an faid a bheadh na h-oidceanta fada ann.
    Cuireadar sios trí leathpingní an duine acu cun na gcartai a ceannac. Do ceannuigheadh na cartai agus tháinig an cuideachta an cead oidhche agus thosnuig an imirt Cuaidh gach aon rud cun cinn go maith ar feadh tamaill. Bí beirt ag breit agus an beirt eile ag cailleamhaint. Bhí ag dul da foidhne ag duine den beirt abhí ag cailleamhaint. Do bris ar an bfoidhne aige fe dheireadh
    "Tá calaois agat 'a dhéanamh" ar seisean le duine den bheirt eile. "Thugais fé t'eiteach." arsa'n fear eile. "Tugais fein t-eiteac agus do dhearg eitheac". arsa'n cead fear.
    "Cuirfhidh mé punt airgid leat ná fuil aon calaois aige á dheanamh" arsa duine d'en bheirt a bhí ag breith, agus tharraing fé nota[?] phuint as a poca agus buail sé ar an mbord é le fothrom.
    "B'feidir" arsa'n tarna fear d'en beirt abhí ag cailleamhaint, "na fuil nota trí bpúnt leat-sa go bfuil an ceart aige"
    Do crom Sean Maire Ní Tuataig ar na cártaíbh do bhailiú cuige fe mar a bheadh sé cun iad do cuathadh agus do rainnt. Nuair a biodar ins laimh aige do dhruid sé anonn cun na teine agus chuir sé isteach sa teine iad. Bhí gach aoinne ciúin. Tar eis tamaill do labhair Sean na h-Iarflaithe. "Seadh" ar seisean. "Sinead ár dtrí leathpinne matigthe gan aon maith go deo"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish