School: Gurrán Easaigh (roll number 12053)

Location:
Garraneanasig, Co. Cork
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0313, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrán Easaigh
  2. XML Page 004
  3. XML “Fiailí agus Luibheanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I
    'Siad na fiadhailí is measa do thalamh mhaith ná:- buacalláin[?] feócadán, praiseach buidhe agus neanntóg. Tógann an cupóg an mhaitheas as an dtalamh. 'Siad na fiadhailí is measa do thalamh bhocht ná luachar agus aitinnín Gaedhlach, mar dá bhearfaidís greim air beadh sé go h-ana crúaidh chun iad do chuir as.
    II
    Tá leigheas i slanlus fiadhan do díoghbhail [?], mar easna briste, agus i gcóir slaghdáin. Deintear saghas té as an plannda agus annsan óltar e. Deintear leigheas as an yarrow i gcóir múcabh. Ullmuightear leigheas i gcóir fadharcáin as eidhneán. Tá leigheas i preamhacha an mhéaracháin phúca i gcoir croidhe lag. Tá leigheas i caora na feithleóige i gcóir béil créachtacha. Do bhí aithne agam ar dhuine a leigheas é féin leis an slánlus.
    III
    'Sé lus na h-oidhche an fiadhaile is nimhníghe timceall na h-áite seo. Ní théigheann ainmidhthe i ngiorracht dó, nuair a bhíonn siad ag inbhear, mar tá eolas dúthchasach acu go fiadhail nimhneach iseadh é. Fiadhaile nimhneach eile iseadh an minmhear.
    IV
    Itheann daoine neanntóga biolar agus caisearbháin óga mar sailéid. Tugtar neanntóga agus lus na bhfranncach dos na cearca mar biadh. Itheann muca buachalláin agus caisearbháin.
    Tá leigheas i gcumann mionla, leis, i gcóir fadharcáin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish