School: Cnoc Sceach, Clanna Caoilte (roll number 11424)
- Location:
- Knockskagh, Co. Cork
- Teacher: Liam Ó Ruairc
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc Sceach, Clanna Caoilte
- XML Page 545
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“bhí buachaill aimsire ag feirmeoir sa cheanntar do blianta ó shoin.”
Bhí buachaill aimsire ag feirmeóir sa cheanntar so blianta ó shoin. Fé cheann cúpla mí níor réidhtigheadar maidir le ceist an tuarasdail agus dubhairt an buachaill go raibh sé ag imtheacht. Níor chuir san aon corrabhuais ar an bhfeirmeóir mar nár bhfearr leis spórt ná an seirbhíseach a fheicsint ag imtheacht. Siúd chun bóthair leis agus ba gearr gur bhain sé amach post do féin ach dubhairt an máistir nua go gcaithfeadh sé teistiméireacht a fáil ón bhfear go raibh sé ag obair do. Tháinig sé á iarraidh agus fuair ach seo leanas an teistiméireacht a bhí ann
" A Seáin, bé an pian tu chur sa tsúsa,
Is a Sheáin bé an diabhal buidhe annsan tú dúiseacht.
A Sheáin nuair a deirinn siar leat is anoir a sgiúrdtá
A Sheáin, níor dheinis riamh dom aon rud le dúthracht"(continues on next page)- Collector
- Liam Ó Ruairc
- Gender
- Male
- Address
- Knockskagh, Co. Cork
- Informant
- Randal Ó Muirthille
- Gender
- Male
- Address
- Ballyvahallig Cross Roads, Co. Cork