Bhí feirmeóir 'na chomhnuidhe i gCeanntar Clanna Caoilthe tímpal le dacad blían ó shoin agus Mícheál Ó Laoghaire a b'ainm dó. Leis an aimsear nuair a thainig an t-aos ar an sean-duine do phós sé a mhac. Níor réidtigh bean a Mhic leis an sean-duine ar aon -cur. Bhíodh sí a' tathant ar an mac gach lá an sean-duine a dhíbirt as an dtig go raibh sé láidir a dhóithin a dul a bailiú a choda. D'fhonn cuinneas a dhéanamh dubhairt an mac leis an áthair bheith a bailiú leis thugadar cuilt ar a dhrom aige agus bhuail a shean-áthair uime ar an mbóthair agus é ag imtheacht. Cá bhfuil tú a dul a shean-áthair ar seisean. "Táim ag imtheacht toisc ná fágfaidh do áthair na do mháthair istig mé arsa sé." Trom an chuilt nomeat arsan garsún. Cad a b'áil leat de a dhalta arsan sean duine. Níl sé go ceart ar do dhrom agat ar seisean dom í chun go socróchainn ort í. Bhain sé an cuilt dá dhrom agus chuir an garsún ar a
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »