School: Clanna Caoilte (B.) (roll number 12286)
- Location:
- Clonakilty, Co. Cork
- Teacher: Ss. Ó Síthe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a chuala na granncaig na focail seo súid siar leo. Chuaidh beirt fhear ar mhuin capaill agus thiománadar tré cladthacha, crocaibh agus glesmtaibh. Níor dheineadar stad ná streó gur bhaineadar Beann Dubhamac. Bhí gasra daoine ann rómpa darbh ainm Mícheál Ó Cléirigh agus bhí file iorra. Bhí rann ceapaithe aige sar a shrois na franncaig agus nuair a bhíodar ateach in ghar, arsa sé i-n árd a chinn agus a ghutha.
Órduighim le forsáidhíbh filleadh thar n-ais agus lóisdín a thógaine i dtig Mhuiris Mhic Chraith. Tá poillín i gcomhraibh ann is deinid de bran is más lón dibh deóil duine ithe a bhean. Nuair a chualaidh na franncaig an rann sin scúirdadar leo. Ar doneén a thugadar aghaidh agus de réir deallramh cúadar ar bórd iad an oiread san de franncaigh ar a luigheadh.- Informant
- Mr John Keohane
- Gender
- Male
- Address
- Bealad East, Co. Cork