School: Clanna Caoilte (B.) (roll number 12286)
- Location:
- Clonakilty, Co. Cork
- Teacher: Ss. Ó Síthe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clanna Caoilte (B.)
- XML Page 202
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí file ina chómhnuidhe san mbarrach Ruadh tháth agus Séamus Ó Colmáin a b'ainm dó.”
(continued from previous page)Bhí sé lá eile ar aonach Thigh Molaga. Do chuala sé go raibh file eile ann agus ba mhaith leis aithne do chur air. Chonnaic sé scate fear i lár na sráide.
Dhruid sé anonn chúca agus dubhairt "Ceannuigheas capall no níor ceannuigheas" Bhí an file ann agus do fhreagair sé é mar seo.
"Díol as nó ná díol."Uair eile bhí sé i Ros Ó Cairbre agus cuala sé go raibh file ann. Bhí fhios aige go labharfadh an fear san go fileata i gcomhnuidhe. Bhí tigh tabhairne ann agus é lán ó chúl go doras agus ós cionn an dorais. Leasmuigh bhí "comhartha céirde" Chuaidh Séamus Ó Colmáin go dtí an doras agus ar seisean(continues on next page)- Informant
- Mr John Keohane
- Gender
- Male
- Address
- Bealad East, Co. Cork