School: Clanna Caoilte (B.) (roll number 12286)
- Location:
- Clonakilty, Co. Cork
- Teacher: Ss. Ó Síthe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An tarna fear, Tadhg Ó Muirlithe a b'ainm do. Bhí beirt mar chlainn air. Domhnal Ó Donnabhán ab'ainm don triomhadh fear, ní raibh sé ach 'na bhuachaill fós. Bhí tig mór sa phríomh sráid cois na h-Abhann agus is ann a bhí na cimí ag na Sasanaigh. Ar aghaidh an tighe amach a bhí an croch. Dhá cuaille naoi dtroighthe ar aoirde sáithte sa talamh, ocht dtroighthe on a chéile agus bata treasna ó chuaile go chéile. Bhí sluagh mór bailighthe ó'n gceanntar tímpal, mná, leanbhaí agus seandaoine i bhfurmhór dóibh, cé go raibh fó fhear óg ortha. Eagla agus uathbhas ar gach einne a bhí láithreach. Ag Seanchus agus a' cogarnáil dá chéile "Go gcabhrú Dia linn" "Bás gan Sagart gan bráthar". "Níl peaca ar anam Dhomhnail". "Marbhú cuirp agus anama le céile". "Níor dhún Dia bearna riamh gan ceann eile d'oscailt". " Ba mhór an sólás Sagart". "Fuadar ar Nacs". Bhí na saighdiúirí dearga ag doras an tighe mhóir ag magadh agus a' gáire.(continues on next page)
- Informant
- Mr John Keohane
- Gender
- Male
- Address
- Bealad East, Co. Cork