School: Clanna Caoilte (B.) (roll number 12286)
- Location:
- Clonakilty, Co. Cork
- Teacher: Ss. Ó Síthe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clanna Caoilte (B.)
- XML Page 174
- XML “Labar Ó Loingsig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an rí a bhearradh agus cuirtí chrannaibh é féachaint cé bhearrfadh. An bhlian seo thuit an crann ar aon mhac baintrighe. Bhí brón agus buairt ar a 'bhean bhocht. Chuaidh sí don rí agus d'iompig sí air gan a h-aon mhac a chur chun báis agus í i dtaobh leis. Gheall an rí ná mharbhóchadh sé an mac ar aon choinghioll amháin. Bé coinghioll é sin ná nochtfadh sé aon rud dá bhfeiceadh sé. Bhí áthas a croidhe ar an bean. Ghearr mac na baintrighe gruaig an rí agus ní túisce san ná buaileadh breóite é. Chuir an mháthair fios ar draoi a chomhnuig sa chomharsanacht. Tháinig an draoi agus d'fhéach se ar an mbuachaill agus ar sé "breóiteacht rúin atá ort A Mhic Ó agus chun tu fein a leigheas téighir go crosaire ceithre rían tímpal míle soir, chídhfidh tú crann cuill ar a'dtaobh thuaidh do'n bhóthar tamaillín ó'n gcrosaire agus nocht do rún do'n crann." Chuaidh an buachaill do'n chrann agus ar sé "Tá dhá chluas chapaill ar Labar Ó Loingsigh"(continues on next page)
- Informant
- Mr John Keohane
- Gender
- Male
- Address
- Bealad East, Co. Cork