School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)

Location:
Kilmacabea, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 259

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 259

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Page 259
  3. XML “Victor O'Donovan Power agus an Cholainn gan Cheann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Victor O'Donovan Power oíche ag dul ó'n gCononaig ar na Cluainte agus nuair a bhí sé ag déanamh ar an Scairt Liath d'airig sé an siubhal 'na dhiaidh. D'o ghéaruig Victor a choisidheacht ach do dhein an duine a bhi na dhiaidh an cleas ceadna ach ní raibh sé ag teacht suas le Victor. Annsan d'o bhain Victor ó'n bhfuadar a bhí fé agus do bhí ag cur de go breágh, réidh, righin mall agus má dhein do dhein an duine a bhí na dhiaidh an rud céadhna airís. Nuair do bhfada le Victor go raibh an duine eile ag teacht suas leis, do stad sé ar fad is d'o fhan sé leis. Má stad Victor do stad an duine eile tamall suas uaidh cómh maith "Ní baoghal go luighfead-sa ar mo leabaidh anocht" arsa Victor 'na aigne féin "go mbeidh fios agam ce tá im' leanuint nó cad tá ann"
    Leis sin d'iompuig Victor thar nais agus thug aghaidh ar an rud a bhí ag siubhal 'na dhiaidh agus imbasa ba bheag nár thuit an t-anam as Victor nuair a chonnaic sé an colann ag déanamh air agus gan aon cheann air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Domhnall de Brún
    Gender
    Male
    Age
    85
    Address
    Leap, Co. Cork