Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Séamus de Bharra, Máighistir Scoile - go ndeine Dia tróaire air, bhí sé oíche ag dul abhaile, agus bhí sé déanach go maith, díreach agus é ag gabháíl thar Lisín na n-Arm. Tháinig an bhean amach as an lios chuige, agus thug a h-aghaidh air.D'féach sé uirthi agus má fhéách ní fheaca sé riamh aon bhean chómh grándha léi. Bhí a gnúis dorcha dubh grioma, béal mór ar leathadh aici agus gut h-aon fhiacal dá raibh na dranndal-uachtarach ag dul síos de dhruim a smigín. Tháinig scannradh agus crith-eagla ar Shéamuis agus d'iarr sé cabhair agus trócaire ar Dhia ag gearradh fíóghar na croise air féin agus é ag déanamh ar an dtig agus na cosa ag lúbadh fé agus é ag séideadh fuar alluis amach thríd agus an sprid fuar le na shálaibh. Do lean an sprid é dti an doras ach ní deaghaidh sí níos sia air.Do dhún Séamus an doras uirthe agus d'fhág lamuigh í agus thug sé an leabaidh air féin agus ar maidin amáireach sé an chéad rud a dhein sé ná sgéul a innsint do mhac na mná mar d'aithin sé an sprid go maith. Cómharsa mná leis a bhí tamall tréís bháis do bheadh í agus dubhart Séamus le na mac go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Connaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Myross, Co. Cork