School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)

Location:
Kilmacabea, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 254

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 254

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Page 254
  3. XML “An Sciathlúireach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ó a Íosa Chríost mac dé na féíle diadha conghnamh liom,
    Ó a Mhaighdin mhilis éíst liom éist liom.
    Ó a Máthair Slánuightheóra an domhain congnamh liom.
    Ó a Mháthair dé a Ríoghan na bhflathas,
    A Ríoghan mhilis ghrádaig agus a thagarthóir an uile bhunús daona. Guidhim thar a bhaintighearna chómhthaithneamhach, a bhaintighearna na n-aingeal,
    A bhláith na bpátríarc, a mhian na bhfáig, óírchiste na n-aspal, a mháthair na bhfaoisdineach, órnáid na maighdean, Ó a Mhaigdin ró-mhilis guidh ar mo sh on.
    A bhaintighearna a gcloistear ó's cionn cómhludadar na n-aingeal, cosain mé ó'n uile chlé, san aimsir d'imtig, atá i láthair, agus a tá le teacht, ná tréig mé anois, ná san uair uathbhásachin a mbeidh m'anam ag seariúnt (?) lem' cholainn. Ó a Mhaighdin mhilis faigh dómh-sa ar uair mo bháis agus mo bhreithe, go raghadh m'anam go parathas naomhtha i bhfiadhnaise do Mhic Íosa agus go m'bfiú mé a ghrásta síorruidhe d'fheiscint maille leat.
    Ó a gheata pharathais, a phálás Íosa Chríost
    A Réílthean na bóchna, a shólás an chine dhaona, bí truaghmhéileach dom. Ó a Mhaighdean Mhuire mhilis beannuighthe, Inghnean dé an t-athair, Máthair Íosa Chríost, Céile an Sprid Naoimh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Domhnall de Brún
    Gender
    Male
    Age
    85
    Address
    Leap, Co. Cork