School: Drom Clúmhach (Dromclogh) (roll number 16246)
- Location:
- Dromclogh, Co. Cork
- Teacher: Riobárd Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus ansan d'fhiafruigheadar dhe cá raibh a bhróga. Do chuaidh sé anoon go dtí an áit a raibh na bróga agus do thaisbeáin sé dhóibh iad. Do cheap na fir go raibh sé ar tí na bróga a thógaint agus ba bheag nár mharbhuigheadar é mar gheall air.Nuair a bhí a cuid éadaigh scrúduighthe go maith aca do thugadar ar ais dó iad agus dubhradar leis imtheacht féin. D'éirigh an fear agus níor bhfhada uaidh imtheacht leis. Bhí an-áthas air bheith saor airís agus rith sé chómh tapaidh is do bhí 'na chosaibh. Ní raibh sé indán an bóthar abhaile d'fhághail amach agus shocruigh sé 'na aigne go bhfanfadh sé sa tír iasachta sin. D'fhan agus do bhíodh sé ag obair timcheall ó áit go h-áit. Do dhein sé mórán airgid agus níor bhfhada go raibh sé 'na fhear saidhbhir. Ansan bhí áthas air gur casadh na fir air mar murach iad do bheadh sé tréis dul abhaile 'na fhear bocht. Sé rud a deireadh sé leis féin i ngcumhnuidhe 'na dhiaidh sin "An rud is measa le duine ná a bhás, ní fheadar sé ná gurab é bárr a leasa é."
- Informant
- Donnchadh Ó Mathghamhna
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Dromclogh, Co. Cork