School: Drom Clúmhach (Dromclogh) (roll number 16246)
- Location:
- Dromclogh, Co. Cork
- Teacher: Riobárd Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Drom Clúmhach (Dromclogh)
- XML Page 369
- XML “Scéalta - An Gobán Saor, Conas a Fuair a Mhac a Bhean”
- XML “Céadagáin agus Bird”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Gobán Saor leis an mac dul in-áirde ar an gCloigtheach agus bradán mó doo chur ar crochadh ann.Do chuaidh an mac in-áirde fhé mar a dubhradh leis ach do thuit sé síós agus marbhuigheadh ar an nóímeat é. DO chuaidh an t-athair féin in áirde ansan agus do chuir sé an bradán ar crochadh ar bhínn an Chluigthigh mar a bhfuil sé le feiscint go dtí an lá indiu.
- Roinnt bliadhan ó shoin bhí fear 'na chomhnuidhe i n-aice le baile mór Beanntraighe. Feirmeóír do'b eadh é agus bhí feirm cuibheasach maith aige. Bird an t-ainm a bhí ar fhear bailighthe cíós an cheanntair an t-am sin agus bhí sé 'na chomhnuidhe i mBeanntraighe. Ó Céadogáín a b'ainm don bhfeirmeóír. Tháinig mí-ádh éigin ar Ó Céadogáín agus níór bh'fhéídir leis an cíos do dhíól. Táinig na báillí agus do cuireadh an Céádogánach as seilbh a chuid talmhan.Chuaidh sé chun comhnuidhe le feirmeóír eile sa chomursanacht agus d'fhan leis go ceann tamaill. Fé dheire d'éírig sé tuirseach den saoghal sin agus chuaidh sé ar ais chun comhnuidhe ar a fheirm féín. Tháinig na báillí airí agus do caitheadh as an bhfeirm an tarna h-uair é. Chuaidh sé ar ais airí agus do caitheadh amach airís é. DO chuir an báille an teach tré theine ansan agus dóígheadh chun na talmhan é.Lá Aonaigh na Muc i mBeanntraighe,(continues on next page)
- Informant
- Sighle Áine Bean Uí h-Airtnéada
- Gender
- Female
- Address
- Dromclogh, Co. Cork