School: Drom Clúmhach (Dromclogh) (roll number 16246)

Location:
Dromclogh, Co. Cork
Teacher:
Riobárd Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 343

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 343

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Drom Clúmhach (Dromclogh)
  2. XML Page 343
  3. XML “Pósaithe (Cuntas)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. San Inid is mó a phóann na daoine sa cheanntar seo. Bíonn roinnt mhaith pósaidhthe ann Máirt Inide. Dar leis na daoine sa cheanntar is iad na laetheanta atá mí-rathmhail chun pósta ná an Luan, an Chéadaoin agus an Aoine. Ní phósann na daoine i rith an Charghaose, ná i rith na dtrí seachtmhaine roimh Nodlaig ach chomh beag.
    Is maith leis na daoine lá breágh gréine d'fhághail i gcóir an Phósta. Tá sean-fhocal ages na daoine i mBearla "Happy the bride the sun shines on."
    De ghnáth deintear margadh idir mhuinntir an fhir agus muinntir na mná atá le pósadh. Tugtar roinnt airgid do mhuinntir an fhir más ag dul isteach i bhfeirm a bhíonn an bhean. Tugtar airgead (fortún) do mhuinntir na mná má théigheann an fear isteach 'na feirm. "Clamhain (?) isteach" a tugtar ar an bhfear sin. Cleamhnas pósta a tugtar ar an margadh a deintear.
    Fadó do théigheadh an fear agus an bhean go dtí an séípéal ag marcuidheacht ar chapall, an bhean ar chúl an fhir. Taréis teacht abhaile do bhíodh féasta nó bainfheis mhór sa tigh aca - idtigh na mná. Do bhíodh togha bídh agus dighe aca, agus do bhíodh furmhór na ndaoine ar meisce. Thagadh na daoine óga sa cheanntar go dtí an tigh an oidhche sin agus do bhíodh amhráin agus rinncí aca go breachadh an lae 'máraigh.
    Anois ní théigheann an fear agus an bhean go dí an séipéal le chéile, agus gluaisteáin a bhíónn aca i n-ionad capaill. De ghnáth freisin téígheann an lánamha nua-phósta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish